Spailpíní: D’imigh sé ansin anonn go hAlbain ag obair feirmeoireachta. Na daoine a d’imigh leis anonn go hAlbain. D’fhan siad i mbothaí a bhí garbh agus rinne siad sclábhaíocht go leor ar an fheirm. Tá cuntas maith ar an obair chrua a bhí roimhe ar £4 sa tseachtain. Chuireadh sé cúpla punt na bhaile ag na mná sa bhaile.
Fad: 00:11:01 Éist
Bhí na mná sa bhaile ach ní raibh an oiread sin ainmhithe ann, dhíol Donnchadh iad sular imigh sé. Chaith se an geimhreadh sa bhaile agus ansin d’imigh sé go Glaschú. Thosaigh sé ar obair thógála ansin i ndiaidh an dara chogaidh. Bhí cur síos ar a am ansin. Bhí 18 acu ag fanacht i dteach lóistín amháin ar £2 sa tseachtain. Ag stopadh sna “Gorbals” a bhí sé agus bhí sé garbh. Théadh siad amach fá choinne cúpla deoch ag an deireadh seachtaine, bhí go leor tithe leanna ann.
Fad: 00:09:41 Éist
D’imigh sé go Sasana (Bristol) agus fuair sé obair ag aerfort. D’imigh sé go Plymouth agus fostaíodh é ag glanadh na longa móra. Ba post breá é. Chuaigh sé as sin go Luton ag obair ach bhí an obair deacair go leor a fháil.
Fad: 00:09:20 Éist
Tháinig sé na bhaile ansin tamall agus ansin chuaigh sé ar ais go Glaschú tamall. Cur síos ar na báid a bhíodh ag dul anonn go hAlbain as Doire agus Béal Feirste.
Fad: 00:01:44 Éist
Pósadh thall i nGlaschú é agus chaith sé cúig bliana ina dhiaidh sin ag obair agus ina chónaí i nGlaschú.
Fad: 00:03:35 Éist